Cuardaigh téarma Béarla nó Gaeilge
Search for a term in English or Irish
#
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ceangal sealadach idir dhá chlár nó dhá ordú. Glacann an córas oibriúcháin de ghnáth le hionchur ón méarchlár agus seolann sé an t-aschur chuig an scáileán taispeána. Bíonn sé áisiúil uaireanta, áfach, an t-aschur ó ordú amháin a úsáid mar ionchur chuig ordú eile, gan na sonraí a sheoladh tríd an méarchlár nó tríd an scáileán. Do chásanna mar sin a cruthaíodh píopaí.
Computers, Computer Science A temporary software connection between two programs or commands. Normally, the operating system accepts input from the keyboard and sends output to the display screen. Sometimes, however, it is useful to use the output from one command as the input for a second command, without passing the data through the keyboard or display screen. Pipes were invented for these situations.