Cuardaigh téarma Béarla nó Gaeilge
Search for a term in English or Irish
#
Airgeadas Comhaontú idir iasachtaí agus iasachtóir is ea comhaontú athcheannaigh (Repo) chun urrús rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a dhíol agus a athcheannach. Tionscnaíonn iasachtaí, ar déileálaí in urrúis rialtais é de ghnáth, an Repo trí chonradh a dhéanamh urrúis a dhíol le hiasachtóir ar phraghas áirithe agus conradh comhuaineach a dhéanamh an t-urrús a athcheannach ag dáta sa todhchaí ar phraghas sonraithe. Is é an difríocht idir an dá phraghas an toradh don iasachtóir. Déanann an páirtí atá ag gabháil don Repo droim ar ais conradh urrús a cheannach ar phraghas áirithe agus é a aisdíol ar phraghas agus ag am réamhchinntithe. Tá ról tábhachtach ag Repos agus ag Repos droim ar ais i bpraghsáil urrús díorthaithe mar ceadaíonn siad suíomhanna gearra a ghlacadh i mbannaí.
Finance A repurchase agreement (Repo) is an agreement between a borrower and a lender to sell and repurchase a U.S. government security. A borrower, usually a government securities dealer, will institute the Repo by contracting to sell securities to a lender at a particular price and simultaneously contracting to buy back the government security at a future date at a specified price. The difference between the two prices represents the return to the lender. The party doing the reverse Repo contracts to buy a security at a particular price and to sell it back at a predetermined price and time. Repos and reverse Repos play an important role in the pricing of derivative securities for they allow short positions to be taken in bonds.