téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
13671
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« » 1 2 · · · · 10 11 12 13 14 · · · · 136 137
GAailgéabar fir1 Boole
gu ailgéabair Boole
Computers, Computer Science A deductive system or process of reasoning named after George Boole, an English mathematician who lived from 1815 to 1864. This system of theorems uses symbolic logic to denote classes of elements, true or false propositions, and on-off logic circuit elements.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Córas déaduchtaithe nó próiseas réasúnaithe a ainmníodh as George Boole, matamaiticeoir Sasanach a mhair ó 1815 go dtí 1864. Úsáideann an córas teoirimí seo an loighic shiombalach chun aicmí d'eilimintí, tairiscintí atá fíor nó bréagach, agus eilimintí ciorcad loighce ar-as, a léiriú.
oibreoir fir3 Boole dímholta/superseded
gu oibreora Boole, ai oibreoirí Boole
Computers, Computer Science An operator each of whose operands and whose result take one of two values.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Oibreoir a nglacann gach ceann dá oibreanna agus a toradh ceann de dhá luach.
GAbútáil br
abr bútáil, aidbhr bútáilte
Computers, Computer Science To prepare a computer system for operation by loading an operating system.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Córas ríomhaireachta a ullmhú le hoibriú trí chóras oibriúcháin a lódáil.
A fight at the end of a level in a video game whereby you typically fight a much larger enemy with much more health, called a boss.
Troid ag deireadh leibhéil i bhfíschluiche nuair a théann tú in iomaíocht le namhad i bhfad níos láidre, a dtugtar bas air.
GApróiseas fir1 bunleibhéil
gu próisis bhunleibhéil
Computers, Computer Science A process on a Data Flow Diagram that cannot be decomposed to a lower level. It is marked on the diagram by an asterisk in the bottom right corner of the box.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Próiseas ar Léaráid den Sreabhadh Sonraí nach féidir a dhí-chomhdhéanamh chuig leibhéal níos ísle. Marcáiltear sa léaráid é le réiltín sa chúinne ar dheis ag bun an bhosca.
GAtástáil bain3 ó bhun aníos
gu tástála ó bhun aníos
Computers, Computer Science In software system engineering (testing), the process of checking out hierarchically-organized programs, progressively, from bottom to top, by using software drivers to simulate top level components.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht In innealtóireacht córais bhogearraí (tástáil), an próiseas a bhaineann le ríomhchláir atá eagraithe go hordlathach a sheiceáil, go forásach, ó bhun go barr, trí thiománaithe bogearraí a úsáid le comhpháirteanna uasleibhéil a ionsamhladh.
GApreab br
abr preabadh, aidbhr preabtha
the ball pitches over the boundary
preabann an liathróid thar an teorainn
GAfóirchoinníoll fir1
gu fóirchoinníll, iol fóirchoinníollacha
Computers, Computer Science If the solution to a differential equation or difference equation contains r arbitrary constants, these constants may be eliminated to give a unique solution to a problem if there are r given conditions it must satisfy. Some of these may be boundary or initial conditions. Boundary conditions which may be for the function and/or its derivatives at certain boundary points, may be used to obtain a solution which is valid over the region specified by the conditions. For systems evolving with time, initial conditions are those that must be satisfied by the solution function and its derivatives at the start.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Má tá líon r de thairisigh threallacha sa réiteach ar chothromóid dhifreálach nó ar chothromóid difríochta, is féidir na tairisigh seo a dhíothú le réiteach uathúil a thabhairt ar fhadhb má tá líon r de choinníollacha tugtha ar gá iad a shásamh. D'fhéadfadh gur fóirchoinníollacha nó coinníollacha tosaigh cuid díobh seo. Féadfar fóirchoinníollacha don fheidhm agus/nó a dhíorthaigh ag fóirphointí ar leith a úsáid le teacht ar réiteach atá bailí sa réigiún sonraithe ag na coinníollacha. Do chórais a fhabhraíonn le himeacht ama, coinníollacha tosaigh is ea iad siúd ar gá iad a shásamh trí fheidhm agus trí dhíorthaigh an réitigh ó thús.
GAfóirluach fir3
gu fóirluacha, iol fóirluachanna
Computers, Computer Science In software engineering (testing), a technique in which test data are chosen to lie along "boundaries" or extremes of input domain (or output range) classes, data structures, procedure parameters, and so forth. Choices often include maximum and minimum in-range values and minimum out-of-range values.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht In innealtóireacht bhogearraí (tástáil), teicníocht lena roghnaítear sonraí tástála atá gar do 'fhóireacha' nó d'uasteorainneacha agus íosteorainneacha aicmí, struchtúr sonraí, paraiméadar gnáis agus araile a bhaineann le fearann ionchuir (nó raon aschuir). Is minic a roghnaítear an t-uasluach agus an t-íosluach atá sa raon agus an t-íosluach atá lasmuigh de.
GAscanadh fir anonn is anall
gu scanta anonn is anall
Computers, Computer Science Scanning the way an ox ploughs a field - from left to right and then from right to left.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Scanadh mar a threabhfadh damh gort - ó chlé go deas agus ansin ó dheas go clé.
GAbrainse fir4
gu brainse, iol brainsí
Computers, Computer Science The selection of one or more paths in the flow of data or signals through a system or stage. Selection of a path is based upon some criterion that allows a decision to be reached. The instructions used to mechandize the selection are sometimes called branch instructions.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Rogha de chosán amháin nó breis, sa sreabhadh sonraí nó comharthaí, trí chóras nó trí chéim. Braitheann roghnú cosáin ar chritéar éigin ar ar féidir cinneadh a bhunú. Tugtar treoracha brainseála uaireanta ar na treoracha a úsáidtear chun an roghnú a chur sa tsiúl.
ENbreak s
(keyboard key)
GAbris bain2
gu brise, iol briseanna
Computers, Computer Science Applies to a key on most keyboards that is used to tell the computer that the current operation is to be aborted.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Eochair ar na méarchláir is coitianta a úsáidtear le rá leis an ríomhaire go bhfuil an oibríocht reatha le tobscor.
GAbrisphointe fir4
gu brisphointe, iol brisphointí
Computers, Computer Science A point in a computer program where execution may be halted. A breakpoint is usually at the beginning of an instruction where halts, caused by external intervention, are convenient for resuming execution.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Pointe i ríomhchlár ag ar féidir rith a stad. Bíonn brisphointe de ghnáth ag tús treorach áit a mbíonn stadanna, a tharlaíonn de bharr idirghabhála seachtraí, a bhíonn caoithiúil le rith a atosú.
« » 1 2 · · · · 10 11 12 13 14 · · · · 136 137