téarma.ie foclóir.ie teanglann.ie gaois.ie logainm.ie
Ar ais chuig leagan don scáileán Back to screen version
An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
The National Terminology Database for Irish
Gach réimse All domains Roghanna Options
13671
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
« » 1 2 · · · · 124 125 126 127 128 · · · · 136 137
GAstóras fir1 sonraí neamhbhuana
gu stórais sonraí neamhbhuana
Computers, Computer Science A store of data that is held temporarily before being processed, and is then deleted. Such data is not likely to be included on a Logical Data Structure. These stores are mostly used for administrative convenience, and frequently vanish from The Data flow diagram at logicalization.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Stóras sonraí a choimeádtar go sealadach roimh a bpróiseáil, agus a scriostar ansin. Ní dócha go n-áireofaí a leithéid sin de shonraí ar Struchtúr Loighciúil Sonraí. Is d'áisiúlacht riaracháin is mó a úsáidtear na stórais seo, agus is minic a cheiliúrann siad ón Léaráid den Sreabhadh Sonraí ag am loighcithe.
GAtrasraitheoir fir3
gu trasraitheora, iol trasraitheoirí
Computers, Computer Science A usually three-terminal active solid-state device that can be used for amplification and switching. Some two-terminal transistors have no input lead and are controlled by incident light.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Gléas gníomhach soladstaide, le trí theirminéal de ghnáth, is féidir a úsáid chun aimpliú agus lascadh a dhéanamh. Ní bhíonn aon seolán ionchurtha ar roinnt trasraitheoirí détheirminéalacha ach iad á rialú ag solas teagmhais.
ENtree s
GAcrann fir1
gu crainn, ai crainn, gi crann
Computers, Computer Science General tree structure in which the node structure is based on the radix of the key values and searches through the tree are based upon representations of key values as sequences of characters rather than as key values themselves.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Struchtúr coiteann crainn ina bhfuil struchtúr an nóid bunaithe ar bhonnuimhir na n-eochairluachanna agus ina bhfuil cuardaigh tríd an gcrann bunaithe ar shamhlacha d'eochairluachanna mar sheichimh de charachtair agus ní mar eochairluachanna iad féin.
GAtrasnáil bain3 crainn
gu trasnála crainn
Computers, Computer Science A path through a graph in which every vertex is visited at least once. Traversals are usually discussed in connection with special kinds of graphs, namely trees. Examples include preorder traversal, postorder traversal, and symmetric order (or in-order) traversal. When parse trees for arithmetic expressions are traversed, these tree traversals lead to prefix (Polish) notation, postfix (reverse Polish notation), and infix notation respectively.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cosán trí ghraif ina dteagmhaítear le gach stuaic ar a laghad uair amháin. Pléitear trasnáil de ghnáth i gcomhthéacs cineálacha speisialta graf, is é sin crainn. Samplaí is ea trasnáil réamhoird, trasnáil iaroird, agus trasnáil oird shiméadraigh (nó in-ord). Nuair a thrasnaítear crainn pharsála do shloinn uimhríochtúla, eascraíonn nodaireacht réamhshuite (Polannach), nodaireacht iarshuite (Polannach fritiontaitheach) agus nodaireacht ionsuite, faoi seach, as na trasnálacha crainn seo.
« » 1 2 · · · · 124 125 126 127 128 · · · · 136 137