▼ Computers, Computer Science
▼ Ríomhairí, Ríomheolaíocht
Application Programmes
Feidhmchláir
Artificial Intelligence
Intleacht Shaorga
Cloud Computing
Néalríomhaireacht
Communications Equipment
Trealamh Cumarsáide
Computer Components
Comhpháirteanna Ríomhairí
Data
Sonraí
Data Operations
Oibríochtaí Sonraí
Digital Electronics
Leictreonaic Dhigiteach
E-Commerce
Ríomhthráchtáil
E-Communications
Ríomhchumarsáid
Graphic Design
Dearadh Grafach
► Graphics
► Grafaic
Hardware
Crua-earraí
► Information Technology
► Teicneolaíocht Faisnéise
Internet of Things
Idirlíon na nEarraí
► Internet Security
► Slándáil ar Líne
Memories & Files
Cuimhní & Comhaid
Mobile devices
Gléasanna Móibíleacha
Operating Systems
Córais Oibriúcháin
Programming
Ríomhchlárú
► Programming Language
► Teanga Ríomhchlárúcháin
Robotics
Róbataic
Software & Applications
Bogearraí & Aipeanna
Version Control
Rialú Leaganacha
► Video Games
► Físchluichí
Web Design
Dearadh Gréasáin
Word Processing
Próiseáil Focal
Roghanna
Options
13670
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
#
Computers, Computer Science single file containing one or (usually) more separate files plus information to allow them to be extracted (separated) by a suitable program
Ríomhairí, Ríomheolaíocht comhad amháin ina mbíonn comhad nó comhaid ar leith maille leis an bhfaisnéis atá riachtanach chun go bhféadfadh clár oiriúnach iad a dheighilt óna chéile
#
Mathematics » Geometry » Coordinate Geometry a constant or variable that distinguishes special cases of a general mathematical expression, for example, the general form of the equation for a line, y = mx + c contains parameters m and c, representing the gradient and y- intercept of any specific line
Matamaitic » Céimseata » Céimseata Chomhordanáideach tairiseach nó athróg a dhéanann cásanna speisialta de ghnáthshlonn matamaiticiúil a idirdhealú, mar shampla, sa ghnáthfhoirm den chothromóid do líne, y = mx + c tá na paraiméadair m agus c ag léiriú grádáin agus y-idirlíne aon líne ar leith
Computers, Computer Science a constant or variable that distinguishes special cases of a general mathematical expression, for example, the general form of the equation for a line, y = mx + c contains parameters m and c, representing the gradient and y- intercept of any specific line
Ríomhairí, Ríomheolaíocht tairiseach nó athróg a dhéanann cásanna speisialta de ghnáthshlonn matamaiticiúil a idirdhealú, mar shampla, sa ghnáthfhoirm den chothromóid do líne, y = mx + c tá na paraiméadair m agus c ag léiriú grádáin agus y-idirlíne aon líne ar leith
#
Computers, Computer Science A list of independent variables known as arguments.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Liosta d'athróga neamhspleácha ar a dtugtar argóintí.
#
Computers, Computer Science In environments that support C, there is a way to pass command-line arguments or parameters to a program when it begins executing. When main is called to begin execution, it is called with two arguments. The second of these arguments (argv) is a pointer to an array of character strings that contain the arguments, one per string.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht I dtimpeallachtaí a thacaíonn le C, tá bealach ann le hargóintí nó paraiméadair líne na n-orduithe a sheacadadh chuig clár nuair a thosaíonn sé ag rith. Nuair a ghlaoitear 'main' chun rith a thosú, glaoitear le dhá argóint é. Pointeoir is ea an dara ceann de na hargóintí seo (argv) i dtreo eagair de theaghráin carachtar ina bhfuil na hargóintí, ceann do gach teaghrán.
#
Computers, Computer Science Convention for argument passing within C. Synonymous with parameter-passing convention.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Gnás le hargóintí a sheachadadh in C. Ar comhchiall le gnás seachadta paraiméadar.
#
Mathematics » Geometry » Coordinate Geometry Computation using numbers and simple operations such as addition, subtraction, multiplication, and division.
Matamaitic » Céimseata » Céimseata Chomhordanáideach Ríomhairiúchán a dhéantar trí oibríochtaí simplí, mar shampla suimiú, dealú, méadú agus roinnt, a dhéanamh ar uimhreacha.
#
Computers, Computer Science A circuit for doing arithmetic.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ciorcad chun uimhríocht a dhéanamh.
#
Computers, Computer Science An operation that follows the rules of arithmetic.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Oibríocht a leanann rialacha na huimhríochta.
#
Computers, Computer Science The arithmetical signs of addition, subtraction, division and multiplication as used by a given programming language.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Na comharthaí uimhríochtúla a ghabhann le suimiú, dealú, roinnt agus méadú mar a úsáidtear iad in aon teanga ríomhchláraithe ar leith.
#
Computers, Computer Science Type of run-time error which occurs when a program attempts to store a number that is too large in the storage area allocated to a variable.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cineál earráide le linn am rite, a tharlaíonn nuair a fhéachann clár le huimhir rómhór a stóráil sa limistéar stórála atá leithdháilte d'athróg.
#
Computers, Computer Science When objects of a type can be interpreted as numbers, they are referred to as arithmetic types.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Nuair is féidir oibiachtaí cineáil a léirmhíniú mar uimhreacha, tagraítear dóibh mar chineálacha uimhríochtúla.
#
Computers, Computer Science An arrangement of data in one or more dimensions: a list, a table, or a multidimensional arrangement of items. 2. In programming languages, an aggregate that consists of data objects, with identical attributes, each of which may be uniquely referenced by subscripting.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Leagan amach de shonraí i dtoise amháin nó breis: liosta, tábla, nó leagan amach iltoiseach de mhíreanna. 2. I dteangacha ríomhchlárúcháin, comhiomlán de mhíreanna sonraí, le tréithe comhionanna, ar féidir tagairt a dhéanamh do gach aon cheann díobh le foscript.
#
Computers, Computer Science An array used as a value parameter.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Eagar a úsáidtear mar pharaiméadar luacha.
#
Computers, Computer Science The array subscript differentiates among elements of the same array.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Déanann an fhoscript eagair difreáil idir eilimintí den eagar céanna.
#
Computers, Computer Science In Pascal, a structured type that consists of an indexed list of elements with each element of the same type.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Sa teanga ríomhaireachta, Pascal, cineál struchtúrtha comhdhéanta de liosta innéacsaithe d'eilimintí agus gan ach eilimintí den chineál céanna ann.
#
Computers, Computer Science A variable that represents a collection of data items that must have identical characteristics.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Athróg a sheasann do bhailiúchán míreanna sonraí nach mór airíonna comhionanna a bheith acu.
#
FÉACH FREISIN · SEE ALSO
# apostrophe · uaschamóg#
Computers, Computer Science A computer program that is used to translate symbolic language into machine language.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ríomhchlár a úsáidtear chun teanga shiombalach a aistriú go meaisínteanga.
#
Computers, Computer Science A low-level programming language that uses convenient abbreviations called mnemonics rather than the groupings of 0's and 1's used in machine language. Because instructions in assembly language generally have a one-to-one correspondence with machine-language instructions, assembly language is easier to translate into machine language than are high-level language statements.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Teanga íseal-leibhéil ríomhchlárúcháin a bhaineann úsáid as noda oiriúnacha ar a dtugtar neamónaigh mar rogha ar na grúpálacha de 0-nna agus 1-anna a úsáidtear i meaisínteanga. De bharr go bhfuil comhfhreagracht aon le haon de ghnáth idir treoracha i dteanga dhíolama agus treoracha i meaisínteanga, is furasta teanga dhíolama ná ráitis i dteanga ardleibhéil a aistriú go meaisínteanga.
#
Computers, Computer Science A signal which is set to cause some action.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Comhartha atá socraithe chun rud éigin a chur i ngníomh.
#
Computers, Computer Science A statement that a particular condition exists at a specified point in a program. Assertions may be used for debugging, verification, or as comments.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ráiteas gur ann do choinníoll ar leith ag pointe áirithe i ríomhchlár. Féadtar dearbhuithe a úsáid le haghaidh dífhabhtaithe, fíoraithe nó mar nótaí tráchta.
#
(property etc.)
(maoin etc.)
Finance Any object, tangible or intangible, that is of value to its possessor. In most cases it is either cash, or can be turned into cash.
Airgeadas Aon rud, inláimhsithe nó neamhláimhsithe, atá luachmhar dá shealbhóir. Airgead tirim, nó rud éigin is féidir a mhalartú ar airgead tirim, a bhíonn i gceist sa chuid is mó de chásanna.
the assets realized £1,000
tháinig na sócmhainní go luach £1,000
#
Computers, Computer Science 1. To give a value to a variable. 2. To redirect a local device name to a shared resource on a network.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht 1. Luach a thabhairt d'athróg. 2. Ainm gléis logánta a atreorú go comhacmhainn i líonra.
#
Finance Transfer from one bank to another the right to receive loan principal and interest from a borrower.
Airgeadas Ceart a bhíonn ag banc, - bunairgead agus ús iasachta a ghlacadh ó iasachtaí, - a aistriú go banc eile.
Computers, Computer Science Transfer from one bank to another the right to receive loan principal and interest from a borrower.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Ceart a bhíonn ag banc, - bunairgead agus ús iasachta a ghlacadh ó iasachtaí, - a aistriú go banc eile.
#
Computers, Computer Science In XL C, an expression that assigns the value of the right operand expression to the left operand variable and has as its value the value of the right operand.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht In XL C, slonn a shannann luach shlonn na hoibrinne deise le hathróg na hoibrinne clé, agus luach na hoibrinne deise aici mar luach.
#
Mathematics » Geometry » Coordinate Geometry The associative property may be defined as follows: For any three elements a, b and c in the group G: (a * b) * c = a * (b * c) = a * b * c. In other words the order in which the operation is carried out is irrelevant.
Matamaitic » Céimseata » Céimseata Chomhordanáideach Is féidir airí na comhthiomsaitheachta a shainiú mar leanas: D'aon trí eilimint a, b, agus c sa ghrúpa G: (a * b) * c = a * (b * c) = a * b * c. Is é sin le rá nach mbaineann sé le hábhar cén t-ord ina gcuirtear an oibríocht i ngníomh.
#
Computers, Computer Science A form of encoding in which each user has a public key and a private key.
Ríomhairí, Ríomheolaíocht Cineál ionchódaithe ina bhfuil eochair phoiblí agus eochair phríobháideach ag gach úsáideoir.