▼ Librarianship
▼ Leabharlannaíocht
▼ Archiving
▼ Cartlannú
Digital preservation
Buanchoimeád digiteach
Roghanna
Options
27
Líon torthaí a aimsíodh
Number of matches found
#
an information package, consisting of the content information and the associated preservation description information (PDI), which is preserved within an OAIS
pacáiste faisnéise laistigh de Chóras Faisnéise Cartlainne Oscailte (OAIS) lena gcuimsítear an fhaisnéis inneachair agus an fhaisnéis um thuairisciú buanchoimeádta a ghabhann leis
#
the slow deterioration in the performance and integrity of data stored on storage media
an meathlú mall a tharlaíonn le himeacht ama ar fheidhmíocht agus ar shláine na sonraí ar mheán stórála
#
keeps a file in its original format with each bit preserved in its original order
comhad digiteach a choinneáil ina fhormáid bhunaidh agus gach giotán de a bheith san ord céanna ina raibh sé tráth a aighnithe
#
a device or computer program that encodes or decodes a data stream or signal
gléas nó ríomhchlár a dhéanann ionchódú nó díchódú ar shruth sonraí nó ar chomhartha
#
a repository that stores archival resources but is accessible only to its custodian
taisclann a stórálann acmhainní cartlainne ach nach bhfuil inrochtana ach dá caomhnóir
#
a version of a file which has been derived from a master image file, often for access purposes
leagan de chomhad a díorthaíodh ó mháistirchomhad íomhá, rud a dhéantar go minic ar mhaithe le cúrsaí rochtana
#
information that refers to the intellectual content of material and aids discovery of such materials
faisnéis a thagraíonn d’inneachar intleachtúil ábhair agus a chuidíonn le hábhair den sórt sin a aimsiú
#
software used to efficiently and securely store, organize, manage, and share digital files and assets
bogearra a cheaptar chun sócmhainní digiteacha a stóráil, a eagrú, a bhainistiú agus a roinnt ar bhealach slán éifeachtúil
#
cultural, educational, scientific and administrative resources, as well as technical, legal, medical and other kinds of information created digitally, or converted into digital form from existing analogue resources
acmhainní cultúrtha, oideachais, eolaíocha agus riaracháin, chomh maith le faisnéis theicniúil, dlí, leighis agus cineálacha eile faisnéise a chruthaítear go digiteach, nó a thiontaítear go foirm dhigiteach ó acmhainní analógacha atá ann cheana
#
the management of digital objects throughout their life cycle to facilitate their long-term preservation and use
oibiachtaí digiteacha a bhainistiú ar feadh a saolré chun a mbuanchoimeád agus a n-úsáid fhadtéarmach a éascú
#
a pattern of bits, hidden in a digital file, that can be used to provide protection of intellectual property rights
patrún giotán, atá i bhfolach i gcomhad digiteach, is féidir a úsáid chun cearta maoine intleachtúla a chosaint
#
the practice of converting an electronic file to a different standard file type to circumvent obsolescence
comhad leictreonach a thiontú go cineál comhaid de chaighdeán eile chun an dífheidhmeacht a sheachaint
#
process whereby the content and all references to it are deleted, including back-ups
próiseas ina scriostar an t-ábhar agus gach tagairt dó, lena n-áirítear cúltacaí
#
the process of accepting electronic content or metadata into an electronic repository or database
an próiseas trína nglactar le hinneachar leictreonach nó meiteashonraí i dtaisclann dhigiteach nó bunachar sonraí
#
a reference model and standard (ISO 14721) that describes the components and processes necessary for a digital archive, including six distinct functional areas: ingest, archival storage, data management, administration, preservation planning, and access
samhail thagartha agus caighdeán (ISO 14721) a dhéanann cur síos ar na comhpháirteanna agus na próisis atá riachtanach maidir le cartlann dhigiteach, lena n-áirítear sé rannán feidhme: ionghabháil, stóráil chartlainne, bainistíocht sonraí, riarachán, pleanáil bhuanchoimeádta, agus rochtain
#
information about an object used to protect the object from harm, injury, deterioration, or destruction
eolas faoi oibiacht a úsáidtear chun an oibiacht a chosaint ó dhochar, ó ghortú, ó mheath nó ó scrios
#
facilities for housing materials away from where they are used
saoráidí chun ábhair a stóráil lasmuigh den áit ina n-úsáidtear iad
#
a licence that specifies which uses of the material are allowed by the copyright holder concerned and which uses require permission
ceadúnas lena sainítear na bealaí inar féidir ábhar áirithe a úsáid tar éis a fhoilsithe mar aon leis na húsáidí eile a bhfuil cead ag teastáil ina leith
#
records information about the intellectual rights to a digital object and system rights to access, view, and edit content
faisnéis a shonraíonn na cearta intleachtúla a bhaineann le hoibiacht dhigiteach agus na cearta córais maidir le cúrsaí rochtana agus eagarthóireachta
#
the characteristics of digital objects that must be preserved over time in order to ensure the continued accessibility, usability, and meaning of the objects
na saintréithe de chuid oibiachtaí digiteacha nach mór a chaomhnú le himeacht ama chun inrochtaineacht leanúnach, inúsáidteacht, agus brí na n-oibiachtaí a chinntiú
#
process whereby certain references to withdrawn content are deleted, but not the content itself
próiseas trína scriostar tagairtí áirithe d'ábhar a tarraingíodh siar ach gan an t-ábhar féin a scrios
#
the process of copying content from one generation or configuration of digital data storage onto an updated generation or configuration
an próiseas chun ábhar a chóipeáil ó ghlúin nó ó chumraíocht stórála sonraí digiteacha amháin go dtí ceann nuashonraithe
#
a digital copy of an analog record, or a web renderable digital copy of a higher quality (master) digital file
cóip dhigiteach de thaifead analógach, nó cóip dhigiteach is féidir a sholáthar ar an ngréasán de chomhad digiteach (máistir) atá ar chaighdeán níos airde
#
a file format for web archives that concatenates multiple web resources and their metadata into a single file
formáid chomhaid le haghaidh cartlanna gréasáin lena gcomhcheanglaítear acmhainní gréasáin iomadúla agus a gcuid meiteashonraí in aon chomhad amháin
#
an accepted audio file format standard for storing an uncompressed, lossless audio bitstream
formáid chaighdeánach comhaid fuaime a nglactar léi go fairsing chun sruth giotán fuaime neamhchomhbhrúite, neamhchaillteach a stóráil
#
the process of collecting, preserving, and providing enduring access to web content
an próiseas chun ábhar gréasáin a bhailiú agus a chaomhnú mar aon le rochtain sheasmhach a áirithiú air
#
a tool that prevents all computer storage media connected to a computer from being written to or modified
uirlis a choscann scríobh chuig meán stórála ar bith atá nasctha le ríomhaire